Saoráil Faisnéise

Tá sé de cheart ag duine rochtain a fháil ar Eolas Pearsanta agus Neamhphearsanta, atá á choimeád ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin ar na bealaí seo a leanas:

Rochtain Riaracháin:

Faoi Rochtain Riaracháin cuirfear gach eolas cuí ar fáil don iarratasóir, ag tabhairt aird ar phríobháideachas, rúndacht agus an leas coiteann. Tá sé mar pholasaí ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin go dtacaíonn sé le ceart an duine pé eolas atá á choimeád laistigh dá sheirbhís a fheiceáil.  Go ginearálta, ba chóir rochtain riaracháin a chur ar fáil don duine a c(h)uid taifid féin a fheiceáil (d’fhéadfadh eisceachtaí a bheith ann).

Eolas Pearsanta:

Ní mór don duine aonair iarratas a chur i scríbhinn chuig an Scoil/Ionad nó Oifig Riaracháin cuí, agus cóip den iarratas a chur chuig foi@kwetb.ie. Ní mór dóibh dóthain eolais a chur ar fáil chun cabhrú lena gcuid taifid a fháil, ina measc; dáta breithe, seoladh faoi láthair agus seoltaí roimhe seo, aon teagmháil a bhí acu le seirbhísí faoi leith agus tuairim faoi na dátaí. Beidh ar BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin aitheantas an duine a chinntiú ar bhealach cuí. D’fhéadfaí cruthú aitheantais a lorg, mar shampla, cóip den bpas reatha nó de cheadúnas tiomána (nó modh aitheantais cuí eile). Tá sé seo ann chun rúndacht a chosaint. De ghnáth ní bhíonn aon chostas i gceist le cóipeanna de thaifid phearsanta a fháil. É sin ráite, tá sé de cheart ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin costas a chur i bhfeidhm más rud é go bhfuil líon na dtaifead le cóipeáil an-mhór.

Eolas Neamhphearsanta:

Déanfaidh BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin a dhícheall sonraí suas chun dáta faoi na polasaithe agus na nósanna imeachta faoina bhfeidhmíonn sé a chur ar fáil don bpobal. Cuirfear an t-eolas seo i gcló ar ár suíomh gréasáin, agus is féidir é a chur ar fáil don duine aonair, ach é a lorg. Is féidir le hiarratasóir rochtain ar eolas neamhphearsanta a lorg, agus déanfaidh BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin an t-iarratas seo a phróiseáil de réir a pholasaí. Ní mór don duine aonair iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an Scoil/Ionad nó Oifig Riaracháin cuí.

Eisceachtaí

Nuair nach féidir taifead nó eolas a chur ar fáil duit go díreach faoi Rochtain Riaracháin, cuirfear é seo in iúl duit, agus molfar duit go bhfuil rogha agat iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Chomh maith leis seo, d’fhéadfadh eolas áirithe a bheith rúnda agus nach bhféadfaí déileáil le hiarratas ar rochtain ach faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise.

Bealaí Eile chun Rochtain a fháil ar Thaifid

Is leis an ngníomhaireacht a choimeádann iad Eolas agus Taifid, ’sé sin BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, agus coimeádtar iad faoi dhianshlandáil, agus seachas na cúinsí thuasluaite, ní féidir iad a bhogadh ó BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin ach ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Ar eisiúint subpoena Cúirte
  • Ar eisiúint Bharántas Cuardaigh
  • Ar eisiúint Bharántas Cuardaigh
  • De bharr Fiosrú ó na Gardaí
  • Ar Iarratas agus/nó Iniúchadh ón gCoimisinéir Faisnéise nó Bean/Fear an Phobail
  • Ag Oifigeach a bhfuil údarás i scríbhinn ón Aire aige/aici

D’fhéadfadh baint a bheith ag forálacha reachtúla reatha, i reachtaíocht an Oideachais/na Sláinte, le nochtadh faisnéise. Mar sin, scaoilfear amach taifid/faisnéis mar seo ar bhonn na maitheasa poiblí, agus chun seasamh leis an dlí, é a chur i bhfeidhm agus/nó é a riar.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014

Is Acht é an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 a cheadaíonn do bhaill an phobail rochtain a fháil, sa mhéid is mó gur féidir é, de réir leas an phobail agus an ceart chun príobháideachais, ar eolas atá á choimeád ag comhlachtaí poiblí, agus comhlachtaí áirithe eile.

Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin san áireamh anois, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ón 14 Aibreán 2015.

Teidlíochtaí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

  • Ní mór a admháil go bhfuarthas d’iarratas laistigh de 10 lá oibre;
  • De ghnáth, eiseofar freagra, laistigh de 20 lá oibre ón lá a fhaightear iarratas bailí;
  • Ní mór gach cinneadh a mhíniú go soiléir, agus na ranna san Acht, ar baineadh úsáid astu chun teacht ar na cinntí sin, a leagan amach;
  • Cuirfear sonraí, maidir le do chuid teidlíochtaí chun Athbhreithnithe Inmheánaí agus achomhairc a bheith agat, sa litir leis an gcinneadh.

Tugadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise isteach chun:

  • Oscailteacht a mhéadú
  • Feabhas a chur ar Fhreagracht;
  • Cur le tuiscint an phobail maidir leis na ceisteanna a bhaineann le cinntí polasaí;
  • Úinéireacht agus glacadh níos láidre a thabhairt don phobal maidir le cinntí a dhéantar;
  • Cead a thabhairt do dhaoine rochtain a bheith acu ar a gcuid taifead, agus chun iad a cheartú más rud é go bhfuil siad mícheart.

Leagann an tAcht trí chearta dlithiúla nua amach:

  • Ceart dlithiúil ag gach duine eolas pearsanta nó neamh-phearsanta atá á choimeád ag comhlachtaí poiblí a rochtain;
  • Ceart dlithiúil eolas a bhaineann leis/léi a cheartú sa chás go bhfuil sé neamh-chríochnaithe, mícheart nó míthreorach;
  • Ceart dlithiúil cúiseanna atá le cinntiú a bhfuil tionchar acu air/uirthi a lorg;

Baineann na cearta seo le taifid an duine féin, agus i gcásanna áirithe, le cásanna a bhaineann lena bpáistí agus le gaolta atá ar shlí na fírinne. Ceadaítear eisceachtaí faoin Acht, a chiallaíonn go bhfuil cásanna áirithe ann nuair nach scaoilfear amach an t-eolas atá á lorg; m.sh. chun rúndacht a chosaint. IMá bhaintear úsáid as aon cheann de na heisceachtaí seo, míneofar na cúiseanna go soiléir.

Cad iad na Taifid ar féidir a rochtain faoi Shaoráil Fáisnéise ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin?

  • Gach taifead a cruthaíodh ar, nó, i ndiaidh 14 Aibreán 2015;
  • Gach taifead pearsanta, cuma cathain a cruthaíodh iad, atá fós i seilbh BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin;
  • Gach taifead neamh-phearsanta a cruthaíodh, á shiardátú go dtí 21 Aibreán 2008;
  • Taifid neamh-phearsanta níos luaithe (más ann dóibh) má tá gá leo le tuiscint a fháil ar thaifid níos déanaí a ndéantar rochtain orthu.

Is féidir le duine iarratas a dhéanamh ar thaifid a rochtain. Ní mór na hiarratais seo a bheith i scríbhinn, ag rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus lena bhfuil dóthain sonraí maidir leis an eolas chun gur féidir an taifead a aithint.

á sé de cheart ag ball den phobal eolas a lorg, maidir le gníomharthaí chomhlachtaí poiblí, a bhaineann leo. st information regarding acts of public bodies affecting them. Is gnás foirmiúil é iarratas ar Shaoráil Faisnéise, agus tá sé de dhualgas ar an gcomhlacht poiblí freagra a chur laistigh de cheithre sheachtain. Déanfar an t-iarratas a mheas de réir an Achta, ag tabhairt aird ar na heisceachtaí a cheadaítear, ina measc:

  • Eolas Pearsanta (seachas eolas a bhaineann leis an duine atá ag déanamh an iarratais);
  • Eolas a thugtar do BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin faoi rún;
  • Forfheidhmiú an Dlí agus Sábháilteacht an Phobail;
  • Eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de;
  • Cur agus cúiteamh comhlachtaí poiblí;
  • Feidhmeanna agus idirbheartaíocht chomhlachtaí poiblí.

Conas a dhéanaim iarratas ar Shaoráil Faisnéise?

  • Ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn, ag baint úsáide as an fhoirm thíos;
  • Ní mór don iarratas a rá go soiléir go bhfuil sé á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014;
  • Ní mór an t-iarratas a shíniú agus dáta a chur leis;
  • Ní mór don iarratas a rá go soiléir cad iad an taifid/eolas go díreach atá á lorg, agus an méid sonraí gur féidir a thabhairt (m.sh. láthair scoile/ionaid/oifige, dátaí srl.);
  • Ba chóir don iarratas a rá go soiléir cén bealach a bhfuil rochtain ar an eolas á lorg, m. sh. féachaint ar an mbunchóip ar láthair de chuid BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, nó cóipeanna den mbunchóip a fháil, éisteacht le/ féachaint ar thaifead closamhairc, cóip de dhiosca ríomhaire, nó gléas leictreonach eile a fháil srl.;
  • Cruthú aithantais a chur ar fáil, atá bainteach leis an eolas atá á lorg;
  • Glacfaidh BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin le hiarratais poist nó ríomhphoist.

Cuir iarratais ar Shaoráil Faisnéise chuig:

Bridget Daly Lynam, Oifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin,
Leibhéal 5, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara.
Ríomhphost: foi@kwetb.ie

Déan íoslódáil ar Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise

Sonraí faoin bPróiseas um Shaoráil Faisnéise agus Cearta Achomhairc:

Táillí a bhaineann le hIarratais um Shaoráil Faisnéise:

Cuireann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 córas iomlán nua táillí maidir le Saoráil Faisnéise ar fáil. Is é seo a leanas suimiú ar an struchtúr nua táillí maidir le hiarratais neamh-phearsanta:

  • Cuireadh deireadh ar fad leis an dtáille iarratais €15.00;
  • Tá buntairseach de €101 nach féidir le haon táillí cuardaigh, aisghábhála, nó cóipeála a théann faoina bhun, a ghearradh ar an duine. A luaithe is a shroiseann an costas €101, cuirfear na táillí iomlána i bhfeidhm;
  • Tá uasteorainn de €500 ar an gcostas cuardaigh, aisghábhála agus cóipeála ar féidir a ghearradh ar an duine;
  • Tá uasteorainn eile de €700 ar chostais measta cuardaigh, aisghábhála agus cóipeála, ar féidir leis an gcomhlacht Saorála Faisnéise diúltú an t-iarratas a phróiseáil, mura bhfuil an t-iarratasóir sásta an t-iarratas a bheachtú chun na costais cuardaigh, aisghábhála agus cóipeála a thabhairt ar ais faoi bhun an teorainn;
  • Is é an táille ar athbhreithniú inmheánach, faoi Roinn 21, ná €30 anois (€10 dóibh siúd a bhfuil cárta leighis acu, agus dá gcleithiúnaithe);
  • Is é an táille ar achomhairc chuig an gCoimisinéir Eolais, faoi Roinn 22, ná €50 anois (€15 dóibh siúd a bhfuil cárta leighis acu, agus dá gcleithiúnaithe).

An Coimisinéir Eolais

Is féidir suimiú a dhéanamh ar phríomh-fheidhmeanna an Choimisinéara Eolais mar seo a leanas:

  • Athbhreithniú (nuair a bhíonn iarratas ann) ar chinntí na gcomhlachtaí poiblí, maidir le hiarratais um Shaoráil Faisnéise, agus, nuair is gá, cinntí nua ceangailteacha a dhéanamh;
  • Athbhreithniú ar fheidhmiú an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 chun a chinntiú go bhfuil comhlachtaí poiblí ag cloí lena bhforálacha;
  • Oscailteacht a chothú i measc comhlachtaí poiblí, trína spreagadh i bhfad níos mó eolas deonach a thabhairt amach ná mar a éilíonn bun-riachtanais an Achta;
  • Tráchtaireachtaí ar fheidhmiú praiticiúil an Achta a ullmhú agus a chur i gcló; agus
  • Tuairisc Bhliantúil a chur i gcló.

Cathain ar chóir an tAcht um Chosaint Sonraí a úsáid:

Is féidir le duine úsáid a bhaint as na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise nó na hAchtanna um Chosaint Sonraí chun teacht ar eolas pearsanta atá á choimeád ag comhlachtaí poiblí. E sin ráite, ní bhaineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí ach le heolas pearsanta faoin duine féin Chomh maith leis sin, baineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí le haon choinneálaí eolas pearsanta, ní amháin comhlachtaí poiblí.

Cuireann na hAchtanna um Chosaint Sonraí na cearta rochtana céanna ar fáil is a chuireann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, agus an difríocht is mó eatarthu ná nach mbaineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí le taifid ar dhaoine atá ar shlí na fírinne. Cosúil leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise baineann na cearta seo le taifid phearsanta an duine féin, agus i gcásanna áirithe, le taifid a bpáistí. Ceadaítear eisceachtaí sna hAchtanna, ciallaíonn sé sin go bhfuil cúinsí áirithe ann nach scaoiltear amach an t-eolas a lorgaítear. Má bhaintear úsáid as aon cheann de na heisceachtaí seo chun eolas a choimeád siar, míneofar na cúiseanna go soiléir duit.

Log Nochta um Shaoráil Fáisnéise

Log Nochta 2022Féach ar an doiciméad
Log Nochta 2021Féach ar an doiciméad
Log Nochta 2020Féach ar an doiciméad

Scéim Foilsitheoireachta Samplach

Éilíonn Roinn 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaorail Faisnéise scéim a ullmhú agua a fhoilsiú maidir le heolas a fhoilsiú a cheadaíonn taifid a fhoilsiú nó a thabhairt amach lasmuigh den Saoráil Faisnéise, ag tabhairt aird ar oscailteacht, trédhearcacht agus freagracht, mar a leagtar síos i Ranna 8(5) agus 11(3) den Acht. Mura bhfuil an t-eolas curtha ar fáil go poiblí faoi láthair ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, de réir an eolais luaite anseo thíos, is féidir leat smaoineamh ar Iarratas um Shaoráil Fáisnéise a dhéanamh.

Naisc Úsáideacha um Shaoráil Faisnéise

Back to Top