Fáil ar
Eolas

Baineann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) le gach eagraíocht a dhéanann próiseáil ar shonraí pearsanta. Baineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF) le gach comhlacht poiblí. Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin faoi réir ag an dá reachtaíocht seo, agus cuireann sé rochtain ar eolas ar fáil faoi choinníollacha na reachtaíochta agus na rialacha seo.

Sonraí Pearsanta

Tá mé ag lorg sonraí pearsanta
atá á gcoimeád ag BOOCDCM
maidir liom féin/ le mo pháiste

Sonraí nach bhfuil Pearsanta

Tá mé ag lorg sonraí, nach bhfuil pearsanta,
atá á gcoimeád ag BOOCDCM

Saoráil Faisnéise

Tá ceart rochtana ag aon bhall den phobal ar thaifid atá á gcoimeád ag comhlachtaí poiblí, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, de réir leas an phobail agus ceart príobháideachais an duine.

Féach Breis

Cosaint Sonraí/ RGCS

Tugann RGCS ceart don duine cóip de shonraí pearsanta atá á gcoimeád, a bhaineann leo féin go pearasanta, a lorg; ceart cur i gcoinne cleachtais mhargaíochta dhíreach; cead don duine míchruinneas ina gcuid sonraí pearsanta a cheartú; uaireanta ceadaíonn sé go nglanfaí amach sonraí pearsanta; agus tugann sé an ceart cúiteamh a lorg sna cúirteanna nuair a sháraítear cearta príobháideachais.

Léigh níos mó

Back to Top