Rochtain

Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin tiomanta a chinntiú go bhfuil fáil ar an suíomh gréasáin atá aige, de réir Rialacháin an Aontas Eorpaigh 2020 (Rochtain ar na Suíomhanna Gréasán agus Feidhmchláir Mhóibíleacha atá ag Forais na hEarnála Poiblí).

Ráiteas Inrochtaineachta Gréasáin

Fáilte chuig suíomh gréasáin Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin. Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin tiomanta a suíomh(anna) gréasáin a bheith inrochtana, de réir Rialacha an Aontas Eorpaigh 2020 (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmiúcháin Taistil Chomhlachtaí san Earnáil Phoiblí)

Táimid ag obair go gníomhach chun inrochtaineacht agus inúsáidteacht ár suíomh gréasáin a mhéadú de réir go leor de na caighdeáin agus na treoirlínte atá ar fáil, agus chun eispéireas úsáideoirí níos iomasaí a sholáthar dár bpáirtithe leasmhara.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo leis an ábhar atá foilsithe ar https://kwetb.ie/.

Tá sé níos fearr teacht ar an suíomh seo trí Google Chrome, chun tacú leis na gnéithe freagúla ar an suíomh, agus chun feabhas a chur ar inrochtaineacht agus ar inúsáidteacht an tsuímh.

Stádas Comhlíonta

Tá an suíomh gréasáin seo páirt-chomhlíontach leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 (w3.org) Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin, ó Mhí Iúil 2023, i mbun athbhreithnithe ar an suíomh gréasáin ar fad, ag féachaint ar chomhlíontacht le treoracha an AE maidir le hinrochtaineacht, go háirithe Rialacha an AE 2020 ar Rochtain Gréasáin.

Ábhar nach bhfuil rochtain air

Má theastaíonn uait dul i dteagmháil linn maidir le hinrochtaineacht, féach le do thoil ar an roinn thíos a bhaineann le haiseolas agus eolas teagmhála. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go gcuirfear aon ábhar atá á lorg agat ar fáil, agus rochtain air, go tráthúil.

Táimid ag obair chun feabhas a chur ar chomhlíontacht inrochtaineachta ár suíomhanna gréasáin, agus déanfaimid ár ndícheall gach caighdeán inrochtaineachta a chur i bhfeidhm ar an ábhar atá á fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin sa todhchaí.

Tá ábhar áirithe ar shuíomh gréasáin BOOCDCM nach bhfuil comhlíontach go hiomlán le Rialacha an Aontas Eorpaigh 2020 ( Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmiúcháin Taistil Chomhlachtaí san Earnáil Phoiblí). Mar shampla:

  • Codarsnacht dathanna: d’fhéadfadh leathanaigh a bheith ann nach bhfuil go leor codarsnacht dathanna iontu d’úsáideoirí lagamhairc. Táimid ag obair chun feabhas a chur ar an gcóimheas maidir le codarsnacht dathanna.
  • PDFanna: Formáid Doiciméad Iniompartha (PDF) D’fhéadfadh doiciméid PDF ar an suíomh, uaireanta, an t-ord táib ceart, nó na ceannteidil ceart a bheith in easnamh orthu. D’fhéadfadh doiciméid áirithe tréithe teanga neamhbhailí a bheith acu, nó struchtúir tábla neamhbhailí nó in easnamh ar fad a bheith acu. Tá iarrachtaí déanta ag BOOCDCM chun ár seandoiciméid a chur i gceart, chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na ndoiciméad seo.
  • PDFanna: Tá roinnt doiciméad PDF ar an láithreán faoi úinéireacht tríú páirtithe agus mar sin níl aon smacht againn orthu agus mar sin tá siad díolmhaithe (Féach Ábhar Díolmhaithe).
  • Ábhar leabaithe: tá líon beag leathanach ann ina bhfuil ábhar leabaithe ó fhoinsí tríú páirtí, m.sh. Físeanna YouTube, Cur Isteach Twitter agus Ineall Cuardaigh Cúrsa. D’fhéadfadh an chodarsnacht dathanna ceart, tréithe teanga, téacs inaitheanta do gach nasc, agus tréithe Aria agus ceannteidil cearta, a bheith in easnamh ar an ábhar seo.
  • Físeán:Tá ábhar áirithe físeáin ann nach bhfuil an rogha don teideal dúnta iontu.

Ní liosta iomlán é an liosta deacrachtaí thuas. Leanaimid orainn ag obair chun na deacrachtaí a aithint agus a chur i gceart.

Ábhar Díolmhaithe

De réir Rialacha an Aontas Eorpaigh 2020 (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmiúcháin Taistil Chomhlachtaí san Earnáil Phoiblí) tá ábhar áirithe díolmhaithe ó inrochtaineacht mar gur le tríú páirtithe an t-ábhar, nó gur cruthaíodh an t-ábhar roimh Mheán Fómhair 2018.

Tá Doiciméid PDF, a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán, ach amháin nuair atá sé ceangailte le seirbhís nach mór do bhall den phobal úsáid a bhaint as.

Tá físeáin nó comhaid fuaime, a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2020, díolmhaithe ó na treoirlínte seo.

Tréith Inrochtaineachta: Barra Uirlisí ReachDeck

Is tréith inrochtaineachta é an barra uirlisí ReachDeck atá ar fáil do gach úsáideoir ar ár suíomh gréasáin. Is féidir teacht air ach cliceáil ar an Duine Oráiste, an Duine Oráiste. grafach de dhuine a bhfuil a lámha scaipthe ar chúlra oráiste agus ansin cliceáil ar an ngné ar mhaith leis an úsáideoir leas a bhaint as. Nuair a dhéanann tú faoileáil os cionn na siombaile tiocfaidh an fheidhm chun solais i scríbhinn. I measc na bpríomhthréithe tá:

Ainlíonn ReachDeck chun an tsiombail a labhairt Pointeoir bán láimhe ar chúlra dubhghormFaoileáil chun labhairt léann sé téacs ar an scáileán os ard, le haibhsiú ar féidir léamh ina theannta nuair a dhéantar an téacs a chliceáil nó faoileáil os a chionn
Gné súgartha Reachdeck. gorm Siombail súgartha triantánachSeinn – a thosóidh an léitheoir ag léamh amach ábhar an tsuímh gréasáin, chomh maith le Sos agus Stop.
Siombail masc scáileáin ReachDeck. súil ar chúlra bán le teorainn ghorm Masc Scáileáin nach dtaispeánann ach an t-ábhar atá á léamh chun cabhrú le húsáideoirí díriú ar an ábhar sin
Siombail foclóir pictiúr ReachDeck. grafach de ghrian agus de shléibhte ar chúlra bán le teorainn ghorm Foclóir Pictiúrtha a chuireann cur síos físeach ar fáil ar aon ábhar scríofa
Siombail aistritheora ReachDeck. graf bán den litir 'A' agus litir i dteanga iasachta ar chúlra gorm Aistritheoira léifidh amach ábhar i 40 de na teangacha is mó labhartha
Siombail formhéadaitheoir téacs ReachDeck. gloine formhéadúcháin leis an litir 'A' istigh ann Formhéadaitheoir téacs a mhéadaíonn an téacs atá á léamh, agus taispeántar é ag barr an leathanaigh, le haibhsiú déanta ar gach focal de réir mar a léitear é
Siombail simplithe leathanach gréasáin ReachDeck. grafach de línte gorma agus saighead ghorm dírithe anuas Simplitheoir leathanaigh ghréasáin a bhaineann ábhar a thógann d’aird amach as an bpríomchuid den téacs ar an leathanach, ina measc gnéithe breise ar nós téacs achoimrithe, agus ag socrú do rogha féin clóimhéide agus dathanna
Siombail cabhrach ReachDeck. comhartha ceiste bán ar chúlra gormCabhairar fáil d’úsáideoirí chun cliceáil air más rud é go bhfuil aon chabhair uathu maidir le conas gnéithe a úsáid nó conas teacht orthu.
Mínítear gnéithe an Bharra Uirlisí ReachDeck

Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo

D’ullmhaigh grúpa oibre BOOCDCM um Chomhionannas, Míchumas agus Ionchuimsitheacht (CMI) an ráiteas seo.

Agus an ráiteas seo á ullmhú rinne an tUdarás Náisiúnta Míchumais measúnú, i Mí Iúil 2023, ar chomhlíontacht an tsuímh gréasáin le riachtanais na Treorach (AE) 2016/2102 le huath-uirlis iniúchta, (axe Monitor from Deque: https://www.deque.com/axe/monitor/ https://www.deque.com/axe/monitor/) i gcoinne WCAG 2.1 chun ceisteanna inrochtaineachta a aibhsiú trí Athbhreithniú Simplithe ar an suíomh gréasain.

I measc na n-uirlisí eile in úsáid ag foireann BOOCDCM agus a fhorbróir gréasáin chun cabhrú le feabhas a chur ar chomhlíontacht an tsuímh gréasáin, tá Seiceálaí Inrochtaineachta Microsoft, Seiceálaí Inrochtaineachta (Acrobat AC), Uirlisí Forbartha Chrome, agus Uirlisí Forbartha Axe.

Thug an tAthbhreithniú seo roinnt ceisteanna chun solais a bhfuil an fhoireann ag obair orthu faoi láthair chun iad a réiteach – féach Ábhar nach bhfuil Rochtain air thuas.

Rinneadh an tAthbhreithniú deireanach ar an ráiteas seo ar an 11 Meán Fómhair 2023 Déanfaidh na grúpaí CMI agus FA athbhreithniú rialta air agus déanfar uasdátú air de réir na reachtaíochta atá ann ag an am.

Déan teagmháil linn

Fáiltímid roimh aiseolas ar inrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo.

Má thagann tú ar aon cheist nach bhfuil liostáilte ar an leathanach seo, nó nach bhfuil ag teacht leis na rialacha maidir le hinrochtaineacht, téigh i dteagmhail linn, le do thoil, trí ríomhphost a chur chuig customercare@kwetb.ie.

Má theastaíonn uait féachaint ar ábhar nach bhfuil inrochtana, cuir na sonraí seo le d’iarratas, le do thoil:

  • An leagan amach a theastaíonn uait
  • An t-ábhar a theastaíonn uait féachaint air (cuir isteach URL an ábhair le do thoil)
  • D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist

Déanfaimid gach iarracht réasúnta d’iarratas a chomhlíonadh.

Nós Imeachta maidir le Forfheidhmiú

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú uainn maidir le do cheist, is féidir leat ceist a chur ar Fhear an Phobail do chás a fhiosrú.

Tá comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoin Acht Míchumais ar fáil ar shuíomh gréasáin Office of the Ombudsman.

Oifig Fhear an Phobail, 6 Ardán Phort an Iarla , Baile Átha Cliath 2, D02 W773.

R-phost: complaints@ombudsman.ie Guthán: 01 639 5600


An tAcht um Mhíchumas 2005

Tá BOOCDCM tiomanta béim faoi leith a chur ar riachtanais an Acht um Mhíchumas 2005 maidir leis an gCód Cleachtais um Rialachas na bhForas Stáit, agus leis an gCód atá ceangailte leis (2020) maidir le cothromaíocht inscne, ilchineálacht agus ionchuimsiú. Tá sé seo de réir Fhreagracht BOOCDCM san Earnáil Phoiblí a bhfuil sé mar aidhm aige cothromaíocht deiseanna a chur chun cinn, agus cearta daonna na foirne, na bhfoghlaimeoirí agus na ngrúpaí a gcuirimid seirbhísí ar fáil dóibh, a chosaint.

Cuireann an tAcht um Mhíchumas 2005 bunús dlithiúil ar fáil chun rochtain ar sheirbhísí poiblí a sholáthar. Leagann Ranna 25,26, 27, agus 28 den Acht freagracht ar fhorais phoiblí rochtain a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas ar a bhfoirgnimh phoiblí, a gcuid seirbhísí agus a gcuid eolais.

Oifigigh Rochtana

Éilíonn Roinn 26 den Acht um Mhíchumas 2005 ar gach Foras Poiblí ball amháin foirne ar a laghad a ainmniú mar Oifigeach Rochtana, chun soláthar cúnaimh agus treorach do dhaoine faoi mhíchumas, chun úsáid a bhaint as a chuid seirbhísí, a eagrú agus a chomhordú.

Is féidir le héinne atá ag lorg cúnaimh maidir le ceisteanna rochtana, dul i dteagmháil le BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin mar seo a leanas:

Rochtain ar Sholáthar Breisoideachais agus Oiliúna;
Brenda Lynch
brendalynch@kwetb.ie
045 988 000

Rochtain ar Sholáthar Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna;
Dorothy Lawlor
dorothylawlor@kwetb.ie
0404 60500

Rochtain ar Fhoirgnimh BOOCDCM;
Emer Roy
emerroy@kwetb.ie
045 988 000

Rochtain ar thacaíocht Earcaíochta/Fostaíochta/d’Fhostaithe;
Aine O’Sullivan
aineosullivan@kwetb.ie
045 988 000

Back to Top