Tá na bunluachanna de Ionracas, Meas, Barr Feabhais agus Foghlaimeoir-lárnach mar bhonn agus mar threoir dár gcuid oibre go léir.

Scrollaigh chun eolas a fháil
Kildare and Wicklow Education Training Boards' CE holding certificate

Maidir Linne

Bunaíodh Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin (ar a nglaofar BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin as seo amach) faoi Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013, agus tá sé freagrach as a chuid feidhmeanna faoin Acht a threorú agus a rialú i gceart sa réigiún. Tá BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin ina cheann feadhna ar oideachas agus oiliúint sa dá chontae, ag cur seirbhísí ar ard-chaighdeán ar fáil, atá nuálach, freagrúil agus ionchuimsitheach.

Is iad sprioc-chliaint BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin ná: foghlaimeoirí inár scoileanna, coláistí, ionaid oiliúna agus suíomhanna pobail; iarratasóirí sna scéimeanna tacaíochta éagsúla d’fhoghlaimeoirí atá á riar ag BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin, ar nós Soláthróirí Seirbhísí don Ógra, Grúpaí Oideachais agus Oiliúna Pobail, Eagraíochtaí Deonacha Pobail, agus Pobail ar fud an cheantair.

Ár bhFís, Ár Misean
agus Ár mBunluachanna

Forbraíodh fís agus misean eagraíochta BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin trí phróiseas comhairliúcháin leis an bhfoireann agus leis na páirtithe leasmhara. Mar bhonn faoi phlean straitéiseach BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin tá na treoirphrionsabail agus na luachanna a d’aimsigh an fhoireann agus na páirtithe leasmhara mar chuid bhunúsach de ról an duine inár mBOO, agus, chomh maith leis sin, maidir le cad dó a sheasann BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin.

Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine

Tá BOOCDCM tiomanta do chur chuige córasach a fhorbairt i leith a Dhualgais um Chearta an Duine agus Comhionannas san Earnáil Phoiblí thar cholúin uile na heagraíochta. Tá sé seo ag teacht le moltaí an Achta um Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) 2014 do chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé mar aidhm acu an dualgas a aistriú chuig cleachtas laethúil.

Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.
42. (1) Le linn do chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird aige ar an ngá atá leis na nithe seo a leanas—
(a) idirdhealú a dhíbirt,
(b) comhionannas i ndeiseanna a fhoirne agus na ndaoine a gcuireann sé seirbhísí ar fáil dóibh agus sa chaoi a gcaitear leo a chur chun cinn, agus
(c) cearta daonna a chomhaltaí, a fhoirne agus na ndaoine a gcuireann sé seirbhísí ar fáil dóibh a chosaint.

Ar lín do Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine (2014), do 2024 tá plean forfheidhmithe curtha i bhfeidhm ag KWETB chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an Dualgais mar atá leagtha amach in Alt 42(2) d’Acht 2014.

Decorative green dot

Ár bhFís

Seirbhísí oideachais, oiliúna, óige agus tacaíochta atá ar ard-chaighdeán, ionchuimsitheach, agus nuálach a sholáthar. Barr feabhais a chur chun cinn i ngach rud a dhéanaimid, agus a bheith mar cheannaire ag leibhéal an phobail agus ag an leibhéal náisiúnta.

Decorative green dot

Ár Misean

Oideachas, oiliúint, seirbhísí don óige agus tacaíochtaí atá ar ard-chaighdeán agus nuálach a chur ar fáil, atá inrochtana, freagrúil do riachtanais na bhfoghlaimeoirí, an phobail agus an tsochaí, agus a chuireann barrfeabhas, comhionannas agus ionchuimsitheacht shóisialta chun cinn.

Rialtas Luachanna

a star graphic representing KWETBs integrity value statement
Macántacht

Ag cinntiú go dtacaíonn na himteachtaí go léir atá againn, agus sin sa tóir ar mhisean agus ar fhís, BOOCDCM, lenár bhfostaithe agus lenár bhfoghlaimeoirí, agus go léiríonn said freaghracht, gairmiúlacht, ionracas, agus dílseacht.

a handshake graphic representing KWETBs respect value statement
Meas

Ag cothú timpeallacht chúraim agus measa I ngach ionad oibre agus foghlaim de chuid BOOCDCM.

person in a circle graphic to represent KWETBs learner-centered value statement
Foghlaimeoir-lárnach

Ag aithint go bhfuil eispéireas an foghlaimeoira lárnach san obair a dhéanaimid, agus gur rannpháirtí tábhachta gach foghlaimeoir ina c(h)uid foghlama agus leasea féin.

a badge graphic representing KWETBs excellence value statement
Sármhaitheas

Ag glacadh le cultúr ina ndéantar feabhas leanúnach, agus ina gcuirtear na caighdéain is airde chun cinn. Déanann ár scoileanna agus ár n-ionaid a ndícheall sármhaitheas a bhaint amach I ngach rud a dhéannan said.

Eagraíochta
Struchtúr

Ciorcal Breisoideachais agus Oiliúna
Ciorcal Tacaíochta agus Forbartha Eagraíochta
ciorcal scoileanna

BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin
Ardbhainistíocht

Príomhfheidhmeannach

Dr Deirdre Keyes

Stiúrthóir TFE

Mr Joe Kelly

Stiúrthóir Scoileanna

Mr Ken Scully

Stiúrthóir Breisoideachas agus Oiliúint (BOO)

Mr Ken Seery

Comhdhéanamh Bhoird
agus Choistí

De réir Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013, tá Bord BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin comhdhéanta de 21 ball; 12 ball ón údarás áitiúil, 2 ionadaí ó na tuismitheoirí, 2 ionadaí ón bhfoireann, agus 5 bhall ó ghrúpaí sainleasmhara.

Féach Breis
An fhoireann ag cruinniú - íomhá maisiúil

Back to Top