Obair do Sheirbhísí don Óige

Obair don Aos Óg
Seirbhísí

De réir Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013, tá BOOCDCM freagrach as seirbhísí d’obair don aos óg a sholáthar, a chomhordú, a riar agus a mheas i gCill Dara agus i gCill Mhantáin. Tacaíonn beirt Oifigeach Óige leis na Seirbhísí d’Obair don Aos Óg.

Seirbhísí d’Obair don Aos Óg i Chill Dara

Lorraine Flynn

An tOifigeach Óige i Chill Dara

T: 045 988000/ 087 1709546
E: lorraineflynn@kwetb.ie

Seirbhísí d’Obair don Aos Óg i Chill Mhaintán

Eric Caffrey

An tOifigeach Óige i Chill Mhaintán

T: 086 6002258
E: ericcaffrey@kwetb.ie

Gineadh Ceoil

Cuireann Gineadh Ceoil oideachas i léiriú an cheoil, atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus inrochtana, ar fáil do dhaoine óga, atá 18 bliana d’aois agus níos óige, ar fud Chill Dara agus Chill Mhantáin. Cuirtear teagasc an cheoil ar fáil trí chláir scoile, teagasc tar éis am scoile, tacú le ensemble ceoil, ceolfhoirne, tionscnaimh pobal, campaí samhraidh ceoil agus deiseanna taispeántais.
Tá foireann tiomanta agus nuálach oideachasóirí ceoil ag soláthar an réimse ilghnéitheach clár ceoil, ag tabhairt taithí luachmhar do mhic léinn a bheith ag foghlaim ó cheoltóirí atá ag obair agus ag tabhairt taispeántais. Cuirtear máistir-ranganna, ceardlanna agus tionscnaimh speisialta ar fáil i rith na bliana, chun cur le héispéaras ceoil na ndaoine óga trí bheith ag obair le cumadóirí ceoil agus le haoi-cheoltóirí ar cuairt.

Gineadh Ceoil i Chill Dara

Alan Costello

An tOifigeach um Fhorbairt Ceoil

T: 045 988009 / 087 4053776
E: alancostello@kwetb.ie

Gineadh Ceoil i Chill Mhaintán

Ann Catherine Nolan

An tOifigeach um Fhorbairt Ceoil

T: 0404 60505 / 086 7909887
E: anncatherinenolan@kwetb.ie

Oideachas Allamuigh

Bunaíodh an tAonad um Oideachas Allamuigh, Bealach Conglais, sa bhliain 1987, chun rochtain a thabhairt do mhic léinn sa bhunoideachas agus san oideachas ag an dara leibhéal ar an ‘Seomra Ranga Allamuigh’, trí mheán chláir ghníomhaíochtaí allamuigh agus staidéar allamuigh. I measc na n-áiseanna san Aonad tá: Lóistín do dhaichead is a cúig duine, bialann, seomraí siamsaíochta, seomraí feistis, balla dreapadóireachta laistigh, raon boghdóireachta, cúirteanna leadóige agus cúrsa rópaí arda/túr dreapadóireachta. I measc na n-imeachtaí atá ar fáil san AOA tá: Cadhcáil, Curachóireacht, Rópaí Arda, Dreapadóireacht, Rópadóireacht Anuas, Cnocadóireacht, Treodóireacht, Boghdóireacht agus Cláir um Neartú na Foirniúlachta.

Baltinglass Outdoor Education Centre,
Market Square,Baltinglass, County Wicklow. W91 F3CH

Paul Scott

Stiúrthóir Ionaid

T: 059 6481002 / 6481747
E: baltinglassoec@kwetb.ie

Back to Top