Breisoideachas
agus Oiliúint

Faigh amach níos mó
MOODLE
ALISS STUDY HUB
SPECTRUM.LIFE SIGNUP

Breisoideachas
agus Oiliúint

Faigh amach níos mó
MOODLE
ALISS STUDY HUB
SPECTRUM.LIFE SIGNUP

Faigh Cúrsa

Féach ar Chúrsaí

Cad tá i mo cheantar-sa

Féach ar an Léarscáil

Youtube BOO

Ár gCainéal

Dearbhú Cáilíochta

Foghlaim níos mó

Obair do Sheirbhísí don Óige

Foghlaim níos mó

Breisoideachas agus Oiliúint Chill Dara agus Chill Mhantáin

Cuireann ár Lárionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna roghanna oideachasúla páirtaimseartha agus lánaimseartha ar fáil do dhaoine óga agus d’fhoghlaimeoirí aosacha ar fud Chill Dara agus Chill Mhantáin. Tugann cúrsaí ag do Lárionad BOO áitiúil an deis duit foghlaim don saol agus foghlaim don obair.

I measc na gcúrsaí BOO tá Printíseachtaí, Cúrsaí Oiliúna, Cúrsaí Scileanna, Oideachas Pobail agus Aosach, agus bun-sheirbhísí litearthachta agus uimhearthachta. Cuirimid réimse leathan cúrsaí ar fáil: deimhnithe agus neamh-dheimhnithe, lánaimseartha agus páirtaimseartha, cúrsaí lae agus tráthnóna. Cuireann ár Lárionaid BOO timpeallacht chairdiúil fhoghlama, áiseanna suas chun dáta, agus an teicneolaíocht dhigiteach is déanaí, ar fáil dár gcuid mac léinn. Tá méideanna na ranganna beag agus tá tacaíocht foghlama ar fáil chun cabhrú leat do spriocanna a bhaint amach.

Tugann cúrsa Breisoideachais agus Oiliúna le BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin an seans duit cur le do chuid scileanna agus do mhuinín, do chuid scileanna fostaíochta a fhorbairt, an chéad chéim eile a thógáil i dtreo an bhreis- agus an ard-oideachais, nó tabhairt faoin athoiliúint i réimse nua. Táimid cinnte go bhfaighidh tú an cúrsa ceart le BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin. Tá fhios againn go mbainfidh tú taitneamh as a bheith ag foghlaim linn.

Back to Top