Bord Oideachais agus Oiliúna na Chabháin agus Mhuineacháin, Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Átha Cliath, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire, Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin, Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach, Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, Bord Oideachais agus Oiliúna an Longfoirt agus na hIarmhí, Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma, Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann agus Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman.
Tá sé i gceist ag na Boird Oideachais agus Oiliúna thuasluaite scéimeanna teanga a dhréachtadh de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Is é bunchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na ndréachtscéimeanna sin á lorg anois ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) ó aon pháirtithe leasmhara.
Is ceart aighneachtaí a chur ar aghaidh go leictreonach chuig sceimteanga@etbi.ie agus ba chóir nach rachadh siad thar 4,000 focal (circa 8 leathanach).
Caithfear ainm an Bhoird Oideachais agus Oiliúna i dtrácht a lua le gach aighneacht a chuirtear isteach.
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00 i.n., 13 Meitheamh, 2014.
Tharlódh go bhfoilseofaí aighneachtaí a gheofaí ar www.etbi.ie
Sínithe:
Micheál Ó Muircheartaigh
Ard-Rúnaí
Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann
Cnoc an Phíobaire
An Nás
Co. Chill Dara
Bealtaine 2014
Comhroinn